Tá Telegael ar cheann de na comhlachtaí beochana agus léiriúcháin teilifíse is iomráití san Eoraip. Oibríonn an comhlacht, a bunaíodh i 1988, agus a bhfuil duaiseanna Emmy agus IFTA buaite aige, le léiritheoirí, le dáileoirí agus le craoltóirí idirnáisiúnta chun beochan agus ábhar beoghnímh a fhorbairt, a chomhléiriú agus a mhaoiniú don mhargadh domhanda. Is cliaint de chuid Telegael iad na comhlachtaí móra le rá seo – Disney, Discovery Kids, France Television, Super-RTL, KIKA, BBC, Nickelodeon, PBS Sprout agus Cartoon Network. Tá comhléiriú déanta ag Telegael ar os cionn 600 uair a chloig d’ábhar teilifíse. Tá fáil ar ár gcuid léiriúcháin in os cionn 140 tír agus táthar aistrithe go os cionn 40 teanga.

Fréamhaithe anseo… ag síneadh amach ar fud an domhain…

Ceanncheathrú Telegael